Fógraíonn an t-Aire Stáit do Chúnamh agus Forbairt Thar Lear tacaíocht do mná i gcúrsaí polaitíochta sna Tíortha atá i mbéal forbartha

Inniu d'fhógair Micheál Ó Ceit, T.D., an t-Aire Stáit do Chúnamh agus Forbairt Thar Lear, brabach €1.1 milliún ionnas parlaimintí i dtíortha atá i mbéal forbartha a neartú, tré clár do Chomhionannas Inscne i gCúrsaí Polaitíochta a chur ar bun. Eagraíonn an t-Aontas Idirpharlaiminte an clár seo, agus íocfaidh Cúnamh Éireann  agus an Ghníomhaireacht Forbartha i gCeanada as. Agus an brabach airgid dhá fhógairt aige, dúirt an t-Aire:

“Cothóidh an scéim seo parlaimintí níos iondaíocha, cuntasacha agus trédhearcacha i dtíortha atá i mbéal forbartha. Tá taithí dearfach ag an Aontas Idirpharlaiminte ar chláracha a chuireann tionchar mhná ar chúrsaí polaitíochta parlaiminte chun cinn. Léiríonn ár dtaithí an bhéim a chuireann Cúnamh Éireann ar comhionannas inscne chun forbairt chuimsitheach a chur ar aghaidh ar mhaithe le cách.”

Ag fáiltiú roimh an fógra, dúirt Ard-Rúnaí an Aontais Idirpharlaiminte, Anders Johnsson: “Is é cothú an chomhionannais inscne i gcursaí polaitíochta ceann de phríomh-ghnéithe ár n-oibre –  cinnte, tá páirt na mban rí-thábhachtach do dhaonlathas iondaíoch, éifeachtach agus d’fhorbairt  inbhuanaithe chomh maith. Oibríodh an Aontas Idirpharlaiminte ar feadh 30 blianta chun ban-chomhaltaí parlaiminte a neartú agus chun parlaimintí a chothú a mbeadh comhionnanas inscne mar aidhm acu. Fáiltíonn Aontas Idirpharlaiminte an tacaíocht fláithiúil ó Chúnamh Éireann agus táimid ag tnúth le obair le chéile chun na spriocanna seo a bhaint amach.”

Bhuail an t-Aire Stáit le Ambasadóir de Leosóta H.. Mannete Ramaili agus le grúpa de bhan-comhaltaí Thithe an Oireachtais ar an ócáid seo.

Nóta do Eagarthóirí:

Tabharfaidh Cúnamh Éireann €1.1 milliún don Chlár ‘Chomhionannas Inscne i gCúrsaí Polaitíochta’ le linn tréimhse trí bhliana.

Is eagraíocht idirnáisiúnta í de pharlaimintí Stáit an t-Aontas Idirpharlaiminte.Bunaíodh  é i 1889 agus cuireann sé comhrá paralaimint domhanda chun cinn. Tá 146 parlaimintí náisiúnta ina mbaill ann (agus Éire san áireamh). Cuireann a mballraíocht leathan i bparlaimintí é i suíomh leithleach chun dul i gceann na saincheisteanna a théann le rannphartaíocht mhná i gcursaí pholaitíochta agus parlaiminte i dtíortha atá i mbéal forbartha.

 Beidh tacaíocht don chlár seo ina gcomhpháirt tábhachtach do stráitéis Chúnaimh Éireann chun parlaimintí i dtíortha atá i mbéal forbartha a neartú. Téann clár an Aontais Idirpharlaiminte i gcion ar cheithre spriocanna bunúsacha:

• Tiomsú de acmhainní eolais comparáideach ar mhná i gcúrsaí polaitíochta a chruthú agus díospóireacht a chothú faoi mhná i gcúrsaí polaitíochta.
• Tacaíocht do mhná chun teacht ar pharlaimintí agus iad a athrú.
• Feabhsú príomhshruthaithe inscine i bparlaimintí.
• Freagairt pharlaimint níos láidre do saincheisteanna iscne.

Deireadh + + +
Oifig Preas
27/2/08

 

Top

Related Items

Related Links

Currently no links to display.

Related Articles

Currently no links to display.

Related Documents

Currently no links to display.
Top